Gnéithe agus riachtanais CFL1anna i gcomhair teastasú trí PGSS
|
Príomhcheisteanna |
|
|
Cé na comhpháirteanna a áirítear i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS)? |
|
|
Cén t-am ba cheart a leithdháileadh do na comhpháirteanna ar amchlár na scoile? |
Braithfidh an t-am a theastaíonn chun gach ATF a bhaint amach ar bhuanna agus riachtanais an scoláire. Treoir do mhúinteoirí is ea timpeall 250 uair an chloig do gach ATF agus 100 uair an chloig do gach gearrchúrsa. |
|
Cé a shonraíonn na socruithe curaclaim agus measúnaithe atá le leanúint? |
Tá sonraíochtaí agus socruithe measúnaithe leagtha amach ag CNCM le haghaidh na ATFanna in Treoirlínte do Chláir Foghlama Leibhéal 1. Cuirfidh CNCM samplaí agus teimpléid ar fáil má tá na gearrchúrsaí á bhforbairt ag scoileanna. |
|
Cén ról atá ag CNCM sa mheasúnú? |
Cuireann CNCM, trí na Treoirlínte do Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Tacar Uirlisí CFL1, ábhair shamplacha ar fáil do scoileanna ina dtaispeántar an chaoi le measúnú a dhéanamh ar na torthaí foghlama sna ATFanna. Cuirfidh CNCM, trí shamplaí de ghearrchúrsaí Leibhéal 1, ábhair shamplacha ar fáil do scoileanna maidir le measúnú ar ghearrchúrsaí. |
|
Cén ról atá ag scoileanna i measúnú don PGSS? |
Tá measúnú ar ATFanna agus gearrchúrsaí agus bronnadh PGSS scoilbhunaithe. Aithneofar foghlaim gach scoláire a shásaíonn na riachtanais ghnóthachtála ar a dtugtar breac-chuntas thíos i ndáil le ATFanna agus gearrchúrsaí as gach comhpháirt churaclaim sa PGSS. |
|
Cén chaoi a dtaifeadfar comhpháirteanna sa PGSS? |
Tomhaistear gnóthachtáil in ATFanna agus Gearrchúrsaí (Leibhéal 1) araon ar bhonn ceann de na tuairisceoirí seo a leanas: Curtha i gcrích go rathúil nó Dul chun cinn déanta. |
|
Cé na riachtanais a bhaineann le gach tuairisceoir? |
Le go dtaifeadtar Curtha i gcrích go rathúil ar an PGSS do gach ATF, caithfidh an scoláire fianaise a chur i láthair a thugann le fios gur rochtain sé gach toradh foghlama agus gur bhain sé amach formhór na dtorthaí foghlama a bhaineann leis an ATF. Le go dtaifeadtar Curtha i gcrích go rathúil ar an PGSS do gach gearrchúrsa ar Leibhéal 1, caithfidh an scoláire fianaise a chur i láthair a thugann le fios gur chuir sé i gcrích go rathúil an Measúnú Rangbhunaithe a bhaineann leis an ngearrchúrsa. Le go dtaifeadtar Dul chun cinn déanta ar an PGSS do gach ATF, caithfidh an scoláire fianaise foghlama a chur i láthair a thugann le fios gur bhain an scoláire tairbhe as rochtain a fháil ar roinnt torthaí foghlama don ATF sin. Le go dtaifeadtar Dul chun cinn déanta ar an PGSS do gach gearrchúrsa ar Leibhéal 1, caithfidh an scoláire fianaise foghlama a chur i láthair a léiríonn gur bhain an scoláire tairbhe as rochtain a fháil ar roinnt torthaí foghlama sa ghearrchúrsa sin. |